Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste i gContae Shligigh

Tírdhreach Neoiliteach Sácráilte

Faoi

Tá thart ar chéad láthair le tuamaí pasáiste meigiliteacha, atá ceangailte le chéile, agus cairn, fágtha mar a bhí, i gContae Shligigh, atá lonnaithe i dtimpeallachtaí topagrafacha agus suntasacha go minic.

Is féidir an Tírdhreach Tuamaí Pasáiste i gContae Shligigh a shamhlú mar ghrúpa cois cósta thuaidh de thuamaí pasáiste dírithe ar choimpléasc na Ceathrún Móire agus leithinis Chúil Iorra, agus grúpa intíre theas sa Bhricshliabh, daingnithe ag coimpléasc na Ceathrún Caoile, agus dlúthdhlús de shéadchomharthaí san dá áit. Tá an dá phríomhláthair, 23 km ó chéile, ceangailte go tíreolaíoch ag an Uinsinn, ach chomh maith ag dlúthnasc dinimiciúil idir an tírdhreach agus gnéithe deasghnácha agus dúchasacha.

Cuimsíonn an Láthair inscríofa atá beartaithe 26 aonad de mhéideanna éagsúla mar láthair chomhghaoil, atá 16 km2 ar an iomlán. Sa lá atá inniu ann tá ceantair iargúlta, agus cnoic le geolaíocht éagsúil sa Tírdhreach Neoiliteach seo, an rud ar fad lán le corpas luachmhar de mhiotas Gaelach meánaoiseach a mbaineann an chuid is mó de leis na séadchomharthaí agus áiteanna seo. Tá mórán de na séadchomharthaí fós dúnta agus tá bail iontach orthu.

Tá traidisiún an tuama pasáiste i gContae Shligigh ina shainghné ag dialóg dhian idir séadchomharthaí agus tírdhreach, ach chomh maith ag tógáil, patrúin dáileacháin agus fadsaolaí na húsáide.

Léarscáil

  • Cairns Hill, Sligo, Ireland, Sligo, County Sligo, Ireland.
  • Knocknarea, Knocknarea South, County Sligo, Ireland, County Sligo, Ireland.
  • Carrowkeel Passage Tombs, Carrowkeel, County Sligo, Ireland, County Sligo, Ireland.
  • Carrowmore Megalithic Cemetery, Carrowmore, Sligo, Ireland, County Sligo, F91 E638, Ireland.

Sár-Luach Uilíoch Féideartha

Bonn Cirt

Is é mórgacht Neoiliteach ar an gcósta Atlantach thiar léiriú ar phlúrú cultúrtha neamhchoitianta i ndiaidh tús na talmhaíochta. Is ionann an tírdhreach tuamaí pasáiste – ar a bhfuil an Láthair beartaithe seo bunaithe – agus an t-eiseamláir is iartharaí agus is drámatúla de rath ar leith ar thógáil séadchomharthaí deasghnácha timpeall na hEorpa idir cúig agus sé mhíle bliain ó shín. Chruthaigh roghnú láithreacha topagrafacha suntasacha, iad infheicthe go maith go minic, idirléargas láidir idir na séadchomharthaí. Sin an fáth go gcuireann na séadchomharthaí éagsúla laistigh den tírdhreach fairsing seo le gréasán casta nasc. Léiriú cumhachtach ar thimpeallacht chultúrtha atá imithe as radharc le fada is ea idirspleáchas na séadchomharthaí agus topagrafaíochtaí áitiúla éagsúla, timpeallacht a chothaigh dialóg dhian agus leanúnach idir ailtireacht agus tírdhreach nach bhfuil sáraithe fós in áiteanna eile ar domhan.

Tá áit shainiúil ag na tuamaí pasáiste i gCo. Shligigh laistigh den traidisiún tuama pasáiste in Éirinn mar is é Co. Shligigh an t-aon áit ina bhfuil an raon iomlán de thógálacha séadchomhartha léirithe go soiléir; idir na séadchomharthaí ciorcal bollán is luaithe agus na séadchomharthaí clúdaithe le cairn ollmhóra.

Tá dlús neamhchoitianta ag an tírdhreach cultúrtha seo de láithreacha meigiliteacha, atá fágtha mar a bhí agus nach raibh tochailte, a bhaineann leis an traidisiún tuamaí pasáiste, agus is eiseamláir dhosháraithe é de thírdhreach deasghnách Neoiliteach le leibhéal iontach iomláine, a thugann léargas ar chéim shuntasach i stair an duine. Rinneadh na séadchomharthaí a chumasc go comhfhiosach agus go gníomhach leis an topagrafaíocht fisiciúil ina bhfuil siad suite, agus rud atá an-tábhachtach, tá siad mar sin fós; tá saolta agus comhfhiosacht na gcónaitheoirí comhaimseartha i gContae Shligigh dulta i bhfeidhm orthu go laethúil trína saol a chaitheamh faoi agus i measc na séadchomharthaí agus tírdhreacha seanbhunaithe seo.

Critéar (iii): Mar cheann de na tírdhreacha is dlúithe, atá caomhnaithe ar an mbealach is fearr, de shéadchomharthaí réamhstairiúla san Eoraip, tá fianaise le fáil sna tuamaí pasáiste i Sligeach ar chruinneshamhail agus ‘tíreolaíocht bheannaithe’ na ndaoine Neoiliteacha, go háirithe a gcumas úsáid a bhaint as ailtireacht chun ceantar tíreolaíoch mór a athrú ó bhonn agus a cheangal de réir a gcreideamh agus a ndearcthaí.

Critéar (iv): Léiríonn tírdhreach na dtuamaí pasáiste i Sligeach, ar bhealach sármhaith, cruthú agus forbairt tírdhreacha bheannaithe Neoilitigh thar mhílaois.

Barántúlacht agus Sláine

Is láthair shrathach agus tírdhreach cultúrtha é an Tírdhreach Tuamaí Pasáiste i gContae Shligigh. Tá thart ar 100 séadchomhartha (na tréithe) ann atá dáilte thar 26 aonad láithreach ar leith a chlúdaíonn ceantar iomlán de 16 km2. Is ionann na séadchomharthaí agus a dtírdhreacha agus léiriú iomlánaíoch ar thraidisiún na dtuamaí pasáiste Neoiliteacha trína bheith ag caomhnú raon leathan séadchomharthaí agus gnéithe moirfeolaíocha maidir le castacht, méid agus comhtháthú sa tírdhreach.

Tá bail ar an láthair nach bhfuil a leithéid le feiceáil i dtírdhreach cultúrtha réamhstairiúil den scála agus castacht seo in iarthuaisceart na hEorpa. Léirigh anailís le déanaí go mbaineann leibhéil arda barántúlachta le séadchomharthaí ar an láthair. Is ionann an raon leathan séadchomharthaí laistigh den láthair agus trasghearradh de na gnéithe moirfeolaíocha sainiúla a léiríonn traidisiún tuamaí pasáiste na hÉireann maidir le tógálacha seomra, na cairn atá mórthimpeall agus ciorcail bollán agus ealaín mheigiliteach. Is dócha go bhfuil mórán de na gnéithe seo ina samplaí luatha nó bunúsacha náisiúnta.

Tá suíomh tírdhreacha na séadchomharthaí agus an líne amhairc idir na láithreacha slán den chuid is mó, rud a chothaíonn an caidreamh bunúsach idir an tírdhreach agus na séadchomharthaí, agus a léiríonn comhtháiteacht na láithreach seo.

Tá an láthair mór go leor chun léiriú iomlán a dhéanamh ar na gnéithe agus próisis a chuireann a tábhacht in iúl. Tá dea-bhail ar na séadchomharthaí agus ar a suíomh tírdhreacha den chuid is mó agus tugtar cosaint reachtúil ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal áitiúil araon dóibh.

Tuilleadh Léitheoireachta