Sceilg Mhichíl

Mainistir Oileánda ag seasamh go hard os cionn na Farraige

Faoi

Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda is ea Sceilg Mhichíl. Is áit nó ceantar í maoin Oidhreachta Domhanda atá aitheanta ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA) mar áit a bhfuil Sár-Luach Uilíoch (SLU) don chine daonna ag baint léi.

Inscríobhadh Sceilg Mhichíl, nó Skellig Micheal mar thugtar uirthi chomh maith, ar Liosta Oidhreachta Domhanda in 1996. Inscríobhadh Sceilg Mhichíl, nó Skellig Michael mar a thugtar uirthi chomh maith, ar Liosta Domhanda Oidhreachta in 1996. Carraigeacha na Sceilge, Sceilg Mhichíl (nó Sceilg Mhór mar is fearr aithne uirthi) agus Sceilg Bheag, is creagacha iad ina seasamh go hard os cionn an Aigéin Atlantaigh timpeall 12 chiliméadar thiar ó Leithinis Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí. Tá sé suite ar an imeall thiar de mhórchríoch na hEorpa, roghnaíodh Sceilg Mhichíl mar cheann scríbe do ghrúpa beag de mhanaigh aiséiteacha a tharraing siar ón tsibhialtacht chuig an áit iargúlta doshroichte agus iad sa tóir ar chumann níos cóngaraí do Dhia. Bunaíodh mainistir ar an gcarraig géarchrochta seo ag pointe éigin timpeall an séú agus an t-ochtú aois, atá anois ar cheann de na samplaí is mórthaibhsí den déine a bhain le manachas na Críostaíochta.

Is cosúil gur bhog an comhthionól manachúil chuig an mórthír faoin tríú céad déag ach tugadh urraim don oileán mar ionad oilithreachta ar feadh na gcéadta bliain ina dhiaidh sin freisin.

Fiú le himeacht aimsire tá bail an-mhaith ar fothracha na mainistreach seo, agus is léir go bhfuil an-tóir ar an áit go fóill agus spioradáltacht láidir bainte léi go dtí an lá atá inniu ann. Ní féidir le cuairteoirí ach a bheith tógtha siar mar gheall ar na gaiscí fisiciúla bainte amach ag na manaigh seo ar bharr an aonarachta, tá ciúnas áirithe bainte léi gan ach ceol éan agus na farraige le cloisteáil a chothaíonn draíocht ar an oileán. Thug George Bernard Shaw cur síos álainn ar an áit I ndiaidh dó cuairt a thabhairt uirthi i 1910, ‘áit dochreidte, neamhfhéideartha, ar mire’.

Tá bunaíocht de thithe solais ar chósta na hÉireann ar an oileán ó 1820idí – tionscadal a bhí thar a bheith dúshlánach ar chósta an Atlantaigh fhiáin. Tógadh dhá theach solais agus rinneadh iad a nascadh le bóthar ar leith a bhí gearrtha isteach sa charraig feadh imeall theas an oileáin sa naoú haois déag. Bhí an t-éacht innealtóireachta seo iontach suntasach i bhfianaise an trátha, ag cruthú gur áit thábhacht í Sceilg Mhichíl i stair mhuirí na hÉireann. Ag tosú ag an Teach Solais Uachtarach, téann an bóthar thar an Teach Solais Íochtarach agus téann sé go dtí an ché ag ceann thoir an oileáin.

Tá Sceilg Mhichíl aitheanta go hidirnáisiúnta mar cheann de na láithreáin phórúcháin is tábhachtaí d’éin farraige in Éirinn. Soláthraíonn na fánaí géara carraigeacha agus aillte áiteanna neadaithe do speicis ar nós an fhulmaire, an saidhbhéar agus an fhoracha, agus neadaíonn an guairdeall, an chánóg dhubh, agus an puifín i dtalmhóga agus poill eile ar fud an oileáin.

Le haghaidh eolais don chuairteoir, tabhair cuairt ar Oidhreacht Éireann le do thoil.

Léarscáil

  • Skellig Michael, Skellig Rock Great, Ireland, Ireland.

Google Arts and Culture

Sár-Luach Uilíoch

Sintéis ghairid

Inscríobhadh Sceilg Mhichíl, nó Skellig Micheal mar thugtar uirthi chomh maith, ar Liosta Oidhreachta Domhanda in 1996. Tá oileán Sceilg Mhichíl ag fíorimeall iarthar mhórchríoch na hEorpa, ina luí go hard os cionn an Aigéin Atlantaigh beagnach 12 chiliméadar ar an taobh thiar de Leithinis Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí. Is eiseamláir uathúil de láithreáin mainistreach oileánda í agus go deimhin ar an gceann is mórthaibhsí ón dtréimhse Luath Mheánaoiseach, go háirithe an díthreabh iargúlta atá crochta ar lochtáin shaorga cúng díreach thíos faoin mBinn Theas.

Chruthaigh éascadh de ghaineamhchloch Dheavónach lagraigh i gcruth U, ar a dtugtar “Iallait Chríost” nó “Diallait Chríost” inniu. 130 méadar os cionn leibhéal farraige i lár an oileáin, agus dhá bhinn fágtha, ceann ar gach taobh den ngleann. Tá an mhainistir suite ar an mbinn thoir thuaidh 185 méadar in airde; tá an díseart suite ar an mbinn thiar theas, 218 méadar in airde. Tá an charraig síonchaite agus creimthe go domhain, mar gheall ar an áit sceirdiúil ina bhfuil sí, ach ní dhearnadh dochar seaca di.

Nascann trí phointe theacht i dtír den oileáin le réimeanna staighre leis na príomh-iarsmaí mainistreach, suite ar scairbh chlaonta na binne a shíneann thuaidh-theas ar an taobh thoir thuaidh den oileán; agus an díthreabh suite ar an mBinn Theas is géire.

Tá an mhainistir, na cealla, na haireagail agus fiú na struchtúir níos crochta ar an mBinn Theas ina siombail de theacht agus leathadh na Críostaíochta chomh maith agus litearthacht ag teacht chun cinn i dtíortha a bhí chomh hiargúlta go raibh siad níos faide i gcéin ná teorainn Impireacht na Róimhe agus leathadh manachas eagraithe ón Eigipt trasna na farraige agus talaimh tríd an Iodáil agus an Ghaill chuig an Bhreatain agus go hÉirinn taobh istigh de dhá chéad (an cúigiú agus an séú). Ní fios go beacht cén dáta ar bunaíodh an mhainistir ar an oileán. Tiomnaíodh í do Naomh Micheál timpeall an ama idir 950 and 1050.

Tá na tréithe fisiciúla ar fad do mhainistir bheag idéalach le fáil ar Sceilg: iargúltacht, deacrachtaí rochtaineachta chuig an láthair, áiteanna chónaithe, ionaid adhartha agus ceapacha i gcomhair táirgeadh bia. Tháinig an ailtireacht chloiche dúchasach anseo slán ón mhíleaois a chuaigh thart, i dtimpeallacht drámatúil agus uathúil, agus bail mheasartha uirthi. Anseo, i suíomhanna mórthaibhseacha, uathúla, tá ailtireacht chloch dhúchasach den mhílaois seo caite fós slán agus i riocht réasúnta seasmhach. Is féidir forbairt shoiléir a fheiceáil i modhanna saoirseachta cloiche shingile. Cuirtear ar fáil doiciméadú uathúil den chineál seo ailtireachta agus tógála ar an suíomh.

Tá Sceilg Mhichíl aitheanta mar cheann de na suíomhanna is tábhachtaí in Éirinn do phórú éanlaith mhara, tá líon na speiceas éagsúil atá i láthair ar na hoileáin seo an-suntasach agus as an méid coilíneachtaí éanlaith mhara a mhaireann ann.

Critéar (iii): Léiríonn Sceilg Mhichíl cleachtais antoisceacha an mhanachais Chríostaí a bhí ina ghné den Afraic Thuaidh, den Neasoirthear agus den Eoraip, ar bhealach nach féidir le haon suíomh eile é a léiriú.

Critéar (iv): Is eiseamláir eisceachtúil den chéad scoth i go leor bealaí í Sceilg Mhichíl de lonnaíocht mhanachúil luath-Chríostaíochta tógtha d’aon ghnó ar charraig phirimidiúil i lár an aigéin, caomhnaithe de bharr na timpeallachta ar leith thart uirthi.

Sláine

I gcás Oileán na Sceilge, tá dhá chineál sláine i gceist: sláine struchtúrthach-stairiúil, is é sin, gur fhorbair na struchtúir thar am; agus sláine amhairc-aeistéitiúil, is é sin le rá, an íomhá dʼíocóin a coinníodh.

Is éacht ealaíonta uathúil í an mhainistir agus an díthreabh ar Sceilg Mhichíl. Is eiseamláir den chéad scoth iad de lonnaíocht mhanachúil luath-mheánaoiseach deachaomhnaithe, agus an ailtireacht uathúil mar gheall ar a caighdeán caomhnaithe. Léiríonn sé céim shuntasach i stair na tógála. Treisíonn topagrafaíocht dhrámatúil an oileáin agus comhtháthú na ngnéithe manachúla éagsúla laistigh den tírdhreach seo uathúlacht an tsuímh seo. De thairbhe go raibh na manaigh ar an oileán ar feadh tréimhse an-fhada, tá rian láidir spioradáltachta fágtha ina ndiaidh san áit.

Treisíonn fad an oileáin ón mórthír agus a neamh-inrochtaineacht rialta an mothú dʼiargúltacht go háirithe i mí Dheireadh Fómhair agus na Bealtaine.

Tá Sceilg Mhichíl beagnach 21.9 heicteár i méid. Cuimsíonn an suiomh na tréithe ar fad a bhíonn ag teastáil le bheith inscríofa ar an Liosta Oidhreachta Domhanda. Tá línte teorann na maoine Oidhreachta Domhanda ceangailte go daingean leis an oileán, le crios maolánach cruthaithe go nádúrtha ag an Aigéan Atlantach.

Barántúlacht

Tá leibhéal na barántúlachta an-ard. Tá Sceilg Mhichíl caomhnaithe ó athruithe agus oiriúnaithe, mar gheall ar iargúltacht an tsuímh, seachas iad a rinneadh sa 9ú haois déag ag tógálaithe tithe solais. Tá an chuid is mó de na struchtúir laistigh den mhainistir beagnach curtha i gcrích, mar atá na hardáin chéimnithe agus na cosáin pábháilte. Chomh maith le gnéithe áirithe ar leith, tá an leagan amach iomlán a bheag nó a mhór slán.

Chabhraigh iargúltacht an oileáin é a chaomhnú agus a chosaint ar ghníomhairí scriosta a chuaigh i bhfeidhm ar fhormhór na suíomhanna eile sa tréimhse. Rinneadh athruithe le linn ghairm na dtógálaithe tithe solais sna 1820idí, ach bhíothas in ann iad seo a dhoiciméadú trí imscrúdú. Mar gheall ar na hathruithe déanta ag an am, an timpeallacht fhoircneach agus brú méadaithe ó chuairteoirí, tá clár oibreacha caomhantais ar siúl ó dhéanach sna 1970í chun na struchtúir a chomhdhlúthú agus a dheisiú. Is í an fhealsúnacht atá taobh thiar den obair seo ná go gcoinnítear agus go gcaomhnaítear na gnéithe bunaidh go léir in situ.

Tosaíodh an obair chaomhnaithe sna 1880idí nuair a bhí séadchomharthaí faoi chúram Stáit bhí atógáil ar an mballa coinneála uachtarach in aice le hEaglais Micheál san áireamh agus miondeisithe do na ballaí imfhálaithe, a thit anuas. Rinneadh mionoibreacha eile sna 1930ídí. Cuireadh tús leis an gclár caomhnaithe agus athchóirithe i 1978 agus an phríomhaidhm leis ná cobhsúchán na gcéimeanna, na ballaí coinneála agus struchtúir fisiciúla eile a dhaingniú. Rinneadh doiciméadú cúramach ar an obair ar fad le suirbhéanna agus fótagrafaíocht, agus nochtadh cuid mhór fianaise faoi na struchtúir mhanachúla agus a leagan amach.

Cuireadh tús le mórobair chaomhnaithe i 1986 a chuimsigh athchóiriú agus daingniú na n-ardán céimnithe agus a mballaí coinneála. Rinneadh an obair seo i gcomhair le fiosrúcháin seandálaíochta.

Riachtanais Cosanta agus Bainistíochta

Tá cosaint agus caomhnú Sceilg Mhichíl á rialú ag réimse reachtaíochta náisiúnta, sásraí áitiúla agus treoir reachtúil agus neamhreachtúil idirnáisiúnta. I measc na bhforálacha reachtaíochta sin, tá Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, an tAcht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000, Achtanna um Pleanáil agus Forbairt, Treoracha éagsúla ón AE agus cairteacha idirnáisiúnta.

Is séadchomhartha náisiúnta í Sceilg Mhichíl faoi úinéireacht iomlán stáit. Soláthraíonn Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta do chosaint agus do chaomhnú séadchomharthaí náisiúnta mar aon le séadchomharthaí eile agus do chaomhnú earraí seandálaíochta sa stát. Tá creatlach ag na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt le cosc a chur ar aon fhorbairt neamh-inmhianaithe.

Tá bainistíocht Sceilg Mhichíl faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá foireann d’ailtirí agus innealtóirí oilte caomhnaithe ag Oifig an Stáit Fostaítear ceardaithe oilte le hobair athchóirithe agus chaomhnaithe a dhéanamh. Cuireann an Státchiste maoiniú ar fáil a bhíonn de dhíth i gcomhair obair chothabhála, bhainistíochta agus chaomhnaithe. Cuireann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ionchur seandálaíochta ar fáil le dea-bhail na maoine a chosaint agus bainistíocht a stiúir faoi chomhaontú seirbhíse idir an Roinn agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá foireann lánaimsearthaó Oifig na nOibreacha Poiblí ar an oileán do shéasúr na gcuairteoirí ó thosaigh an clár caomhnaithe reatha i 1978. Ag an am sin bhí foireann ag obair i dteach an tsolais, ach tá an stáisiún folamh inniu. Tugadh seirbhís threorach rialta isteach i 1987 le líon na gcuairteoirí chuig an láithreán a rialú le linn na n-uaireanta cuartaíochta an-ghnóthach chun na séadchomharthaí a chosaint. Ó 2007 leag Oifig na nOibreacha Poiblí amach ar bhonn bliantúil an tréimhse a raibh rochtain ag cuairteoirí ar an oileán. Is í an tréimhse seo an ‘séasúr’ ina dtagraítear di sna ceadanna a eisíodh chuig na hoibrithe báid sin a bhfuil cead acu cuairteoirí a thabhairt chuig an oileán. Ag teacht le cleachtas roinnt blianta, ar mhaithe le cosaint leanúnach an oileáin, chun dochar do na séadchomharthaí a sheachaint agus go háirithe ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta cuairteoirí, tá cosc dian ar rochtain ar an oileán lasmuigh den tréimhse shainithe. Ní thacaíonn Oifig na nOibreacha Poiblí le rochtain chuig an oileán ar bháid phríobháideacha.