Brú na Bóinne – Tionól Seandálaíochta de chuid Brú na Bóinne

Tírdhreach soilseach agus Am

Faoi

Réadmhaoin Oidhreacht Domhanda is ea Brú na Bóinne. Is áit nó ceantar í maoin Oidhreachta Domhanda atá aitheanta ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA) mar áit a bhfuil Sár-Luach Uilíoch (SLU) don chine daonna ag baint léi.

Tá Brú na Bóinne greanta ar an Liosta Oidhreachta Domhanda i 1993. Tá sí liostáilte mar ‘Brú na Bóinne – Coimpléasc Seandálaíochta Lúb na Bóinne‘. Léiríonn an liostáil stádas an láithreáin mar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn. Tá an tiús is mó d’ealaín mheigiliteach réamhstairiúil san Eoraip ag Brú na Bóinne.

Ciallaíonn Brú na Bóinne ‘pálás’; nó ‘teach mór’ agus tagraíonn sé don cheantar ina bhfuil lúb ag Abhainn na Bóinne, áit a bhfuil ceann de na tírdhreacha réamhstairiúla is tábhachtaí ar domhan ann. Glacann trí thuama pasáiste mhóra atá iomráiteach ceannasaíocht ar an tírdhreach seandálaíochta laistigh de Bhrú na Bóinne, Cnóbha, An Ghráinseach Nua agus Dubhadh, a tógadh os cionn 5,000 bliain ó shín le linn na Tréimhse Neoiliteach nó ag deireadh na Clochaoise. Tá sí ar cheann de na coimpléisc sheandálaíochta is suntasaí ar dhromchla an domhain as siocair na príomh-dhumhaí agus roinnt leachtanna satailíte atá timpeallaithe thart uirthi. Tá an cluichreán is mó d’ealaín mheigiliteach in Iarthar na hEorpa ag tuamaí Bhrú na Bóinne, i gCnóbha ach go háirithe.

Tá oidhreacht nádúrtha Bhrú na Bóinne an-tábhachtach freisin agus cuimsíonn sí cuid mhór Limistéar Oidhreachta Nádúrtha. Tá Oileáin Abhainn na Bóinne ar cheann de na fíorbheagán samplaí de choillearnach fhliuch glárach sa tír, agus ina phríomh-ghnáthóg faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach.

Le haghaidh eolais faoin eispéireas ag Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, téigh chuig Oidhreacht Éireann.

Léarscáil

  • Brú na Bóinne Visitor Centre Newgrange and Knowth, Brú na Bóinne, Glebe, Donore, County Meath, Ireland, Donore, County Meath, A92 EH5C, Ireland.
  • Newgrange Donore Co. Meath Ireland, Donore, County Meath, Ireland.
  • Knowth Drogheda Co. Meath A92 EH5C Ireland, Drogheda, County Meath, A92 EH5C, Ireland.
  • Dowth Passage Tomb, Glebe, County Meath, Ireland, County Meath, Ireland.

Google Arts and Culture

Sár-Luach Uilíoch

Sintéis ghairid

Tá lúb thart ar an taobh deas d’Abhainn na Bóinne, agus ceannasaíocht ag na trí thuama móra thart ar láithreán réamhstairiúil Bhrú na Bóinne, is iad sin ná Cnóbha, An Ghráinseach Nua agus Dubhadh. Aithnítear an tírdhreach adhlactha as a thábhacht dheasghnách, agus é timpeallaithe le daichead tuamaí pasáiste satailíte, agus séadchomharthaí ó ré na hIarannaoise, agus tréimhsí na Luath-Chríostaíochta agus na Meánaoise níos moille anonn.

Tá an láithreán suite 40 km ar iomaire ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath idir Abhainn na Bóinne agus An Mháiteog, agus roinnt mílte ar shiúil ó thuamaí réamhstairiúla eile, tá an láithreán mar chuid de limistéar atá ag cur thar maoil le scéalta faoi stair ársa na hÉireann. Tá taiscéalaíocht fhorleathan déanta ag seandálaithe agus staraithe ar an gceantar agus tochailtí ag léiriú cuid mhór saintréithe le níos mó ná céad bliain ach é anois go príomha ina cheantar talmhaíochta.

Ghin an grúpa Chnóbha tríocha séadchomhartha agus láithreán, agus na sainghnéithe is luaithe aige ag dul siar go dtí an tréimhse Neoiliteach agus is déanaí ag tréimhse na nAngla-Normannach, anois ar an bhfardal oifigiúil Tá tuamaí pasáiste maisithe le peitriglif, imfháluithe, lonnaíochtaí agus córais páirceanna san áireamh. Tá grúpa na Gráinsí Nua go hiomlán réamhstairiúil, le ráth, cursas, tuamaí pasáiste agus heinse. Tá cosúlachtaí leis an ngrúpa Dhubhadh leis an nGráinseach Nua ach tá fianaise mheánaoise le sonrú i bhfoirm eaglaise agus caisleáin ann.

Critéar (i): Léiríonn séadchomharthaí Bhrú na Bóinne na samplaí is mó agus is tábhachtaí d’ealaín phlaisteach réamhstairiúil meigiliteach san Eoraip.

Critéar (iii): Tá tábhacht ar leith bainte leis an láthair deasghnách seo mar gheall ar thiús na leachtanna sóisialta, eacnamaíochta agus adhlactha agus é ar cheann de na suíomhanna seandálaíochta is suntasaí san Eoraip mar gheall ar an leanúnachas fada ón réamhstair go dtí deireadh na meánaoise.

Critéar (iv): Ba thréith ríthábhachtach é an tuama pasáiste san Eoraip réamhstairiúil agus níos faide i gcéin agus í léirithe go healaíonta anseo.

Sláine

Cuimsíonn an limistéar 780 heicteár réadmhaoin Oidhreacht Dhomhanda Bhrú na Bóinne agus na fáthanna is cúis leis an maoin a bheith inscríofa ar Liosta Oidhreachta Dhomhanda. Tá 90 séadchomhartha taifeadta chomh maith le cuid mhór láithreán nach bhfuil ar taifead fós scaipthe thart ar mhullach os cionn na Bóinne, sna hísleáin agus na tuilemhánna níos giorra d’aibhneacha (cinn na linne seo dár ndóigh) ar bharr na dtuamaí pasáiste i gCnóbha, An Ghráinseach Nua agus Dubhadh.

Cuimsíonn an líne theorann 2,500 heicteár,agus na línte teorainn mapáilte amach go cúramach le sármheas léirithe do na radhairc isteach agus amach as an réadmhaoin. Ó ghreanadh an réadmhaoin i 1993, bhí drochthionchar ag an droichead M1 ag trasnú Abhainn na Bóinne ar na radhairc amach uaithi ar an taobh thoir den mhaoin; i dteannta an tríú simléar agus struchtúir eile an mhonarchain stroighne ar spéirlíne san oirthear agus san oirdheisceart gar do Damhliag; chomh maith le staca loisceora ar spéirlíne Bhaile Chearráin agus eastát tithíochta. Tá atmaisféar an ionaid deasghnátha faoi bhagairt suaitheadh de chineálacha éagsúla a d’fhéadfaí sláine na maoine a chur i mbaol. Tá beartais pheanála agus gnáthnósanna i bhfeidhm ag an údarás áitiúil (Comhairle Contae na Mí) le déileáil le hiarratais i gcomhair forbairtí a d’fhéadfaí tionchar a imirt de réir a chéile nó ina n-aonar ar shláine mhoine Oidhreachta Domhanda.

Barántúlacht

Tá na hiarsmaí seandálaíochta ar an láthair, os cionn talaimh agus faoi thalamh chomh maith go hiomlán fíréanta.

Rinneadh tochailtí móra ag an nGráinseach Nua agus Cnóbha agus iad go léir foilsithe. Rinneadh cuid mhaith tochailtí beaga agus suirbhéanna ar an suíomh freisin. Rinneadh an chuid is mó den obair chaomhnaithe tar éis na dtochailtí a bheith déanta ag na suíomhanna seo agus iad atá dírithe go príomha ar an dá phríomhthuama pasáiste ag an nGráinseach Nua agus Cnóbha. Tá an obair chaomhnaithe agus atógála ar fad déanta ag foireann ghairmiúil a bhfuil ardscíleanna acu.

Tá obair athchóirithe chuimsitheach déanta ar na clocha colbha agus sraodbhalla ag an nGráinseach Nua, ach tá maolú leis an dara chuid le rochtain a thabhairt do chuairteoirí teacht isteach. Baineadh an díon pasáiste iomlán anuas le hortastait a chur ar ais ar an gceartingear, agus atreisiúchán curtha isteach le cochall tógtha os cionn spás an tseomra. Cobhsaíodh an ráth le sraodbhallaí tanaí de chlocha carn.

Tá struchtúir ó na tréimhsí ar fad ag Cnóbha á gcaomhnú. Tógadh ballaí tacaíochta lasmuigh i gcuid de na tuamaí pasáiste le haghaidh na seomraí adhlactha, agus bunábhar nua-aimseartha in úsáid ar nós stroighne agus plaisteach. Tá idirdhealú soiléir déanta sna háiteanna infheicthe a cuireadh leo ó thaobh bunábhar de, ach i gcásanna eile tá na hábhair nua-aimseartha go hiomlán faoi cheilt.

Is mar thoradh ar an gcomhoibriú dlúth idir seandálaithe agus ailtirí caomhnaithe, a thagann obair chaomhnaithe na séadchomharthaí seo i gceann a chéile, de réir na bprionsabal leagtha amach in Alt 7 de Chairt Idirnáisiúnta don Bhainistíocht ar Oidhreacht Seandálaíochta 1990.

Riachtanais Cosanta agus Bainistíochta

Tugadh réimse reachtaíochta náisiúnta agus treoirlínte idirnáisiúnta isteach chun cosaint agus caomhnú a dhéanamh ar Bhrú na Bóinne, mar aon le treoir reachtúil agus neamhreachtúil eile. Tá Achtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, an tAcht um Fhiadhúlra, 1976 agus 2000, na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt sna socruithe seo, treoracha éagsúla ón AE agus cáirteanna idirnáisiúnta eile. Cinntíonn cód reachtaíochta na séadchomharthaí náisiúnta go mbíonn na séadchomharthaí náisiúnta cosanta agus caomhnaithe chomh maith le caomhnú iarsmaí seandálaíochta sa Stát. Tá creatlach ag na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt le cosc a chur ar aon fhorbairt neamh-inmhianaithe.

Tá an chuid is mó den láithreán 780 heicteár faoi úinéireacht phríobháideach. Ní raibh ach 32 heicteár go príomha timpeall Chnóbha agus na Gráinsí Nua faoi úinéireacht stáit, ag am na hinscríbhinne (in 2011, tá 42.75 heicteár faoi úinéireacht stáit). Tá an chuid de mhaoin an stáit faoi bhainistíocht dhíreach Oifig na nOibreacha Poiblí. Úsáideann an Oifig Stáit foireann oilte d’ailtirí caomhnaithe, innealtóirí, bainisteoirí talaimh, agus ceardaithe leis na gníomhaíochtaí bainistíochta a shocrú ar bhonn laethúil. Tá ionchur seandálaíochta i gcaomhnú agus aeistéiticí na maoine curtha ar fáil ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuireann an Státchiste maoiniú ar fáil a bhíonn de dhíth i gcomhair obair chothabhála, bhainistíochta agus chaomhnaithe.

Bíonn plean forbartha an údaráis áitiúil (Plean Forbartha Contae na Mí) don cheantar ina bhfuil Brú na Bóinne suite ag iarraidh an tírdhreach chultúrtha agus seandálaíochta a chosaint agus le radhairc laistigh agus in aice leis an réadmhaoin Oidhreachta Domhanda a fheabhsú. Tá cosaint radharc laistigh agus lasmuigh den mhaoin ina gné an-tábhachtach bainte le sláine na maoine.

Osclaíodh Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne don phobal i Meitheamh 1997. Is é príomhchúspóir an ionaid ná sruth na gcuairteoirí a bhainistiú a thagann le tuamaí meigiliteacha na Gráinsí Nua agus Chnóbha a fheiceáil. Tá oideachas, feasacht an phobail, agus béim ar ghníomhaíocht áitiúil croílárnach i ról an Ionaid chomh maith. Tá teorainn ar líon na gcuairteoirí gur féidir glacadh isteach ar cuairt chuig na séadchomharthaí seo gach agus an-aird tugtha do chosaint na séadchomharthaí. Níl cead isteach chuig na séadchomharthaí ach le turas treoraithe amháin.