Faoi
Is comhaontú idirnáisiúnta é An Coinbhinsiún i leith Cosaint Oidhreacht Chultúrtha agus Nádúrtha an Domhain (nó mar is fearr aithne ná ‘Coinbhinsiún Oidhreachta Domhanda’) a glacadh ag an gComhdháil Ghinearálta de chuid EOECNA (UNESCO) (Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe) in 1972.
Tá an Coinbhinsiún bunaithe ar an gcoincheap go bhfuil ‘sár-luach uilíoch’ ag áiteanna áirithe ar domhan agus chuige sin gur chóir iad a bheith aitheanta agus cosanta ag an bpobal idirnáisiúnta ina iomláine. Tá an Coinbhinsiún nuálach sa chaoi is go nascann sé coincheap an chaomhnaithe agus athchóirithe d’oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha araon. Aithníonn sé na bealaí idirghníomhaithe atá ag daoine leis an dúlra, agus an ghá bhunúsach an chothromaíocht idir eatarthu a chosaint.
Cuireann an Coinbhinsiún síos ar na cineálacha láithreáin chultúrtha agus nádúrtha a mheastar a bheith oiriúnach d’inscríbhinn ar an Liosta Oidhreachta Domhanda. Inniu, dhaingnigh 194 tír (darb ainm Páirtithe Stáit) an Coinbhinsiún go mbeadh an corpas prionsabal inghlactha ar fud an domhain, agus ar cheann de na coinbhinsiúin is inghlactha de chuid an Náisiún Aontaithe.
Glacann coincheap Oidhreacht Dhomhanda le hiarratais go domhanda agus cuireann sé chun cinn:
– cosaint oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha comhroinnte trí bhunú pleananna bainistíochta réadmhaoine d’Oidhreacht Dhomhanda agus tuairiscí caomhnaithe stáit
– ardú feasachta i measc an phobail faoi suíomhanna a bhfuil Sár-Luach Uilíoch don chine daonna leo
– rannpháirtíocht an phobail áitiúil le hoidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú
– comhoibriú idirnáisiúnta le hoidhreacht chultúrtha agus nádúrtha an domhain a chaomhnú
– cúnamh éigeandála a sholáthar do réadmhaoin Oidhreachta Domhanda atá i mbaol ar an bpointe boise
Bunaíodh Coinbhinsiún Oidhreachta Domhanda an Liosta Oidhreachta Domhanda le go bhféadfaí suíomhanna áirithe a aithint, nádúrtha, cultúrtha nó meascán den dá chineál a bhfuil ‘sár-luach uilíoch’ (SLU) leo a aithint mar fhreagracht don phobal idirnáisiúnta a chosaint.
Ní féidir ach le tíortha a shínigh an Coinbhinsiún Oidhreachta Domhanda iarratais ainmniúchán do réadmhaoin a bheith san áireamh ar an Liosta. Tá critéir do chuimsiú agus measúnú leagtha amach i ‘dTreoirlínte Oibríochta um Fheidhmiú Choinbhinsiúin Oidhreachta an Domhain’ de chuid EOECNA’.
Déantar athbhreithniú ar inscríbhínní na n-ainmniúchán ar an Liosta Oidhreachta Domhanda ag cruinniú de chuid Coiste Oidhreachta Domhanda. Tá trí réadmhaoin Oidhreachta Domhanda le fáil ar oileán na hÉireann:
1. Brú na Bóinne – Coimpléasc Seandálaíochta Lúb na Bóinne (a inscríobhadh i 1993)
2. Sceilg Mhichíl (a inscríobhadh i 1996)
3. Clochán an Aifir agus Cósta Chlochán an Aifir (Tuaisceart Éireann, inscríofa i 1986)
Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Oidhreachta Domhanda 1972 i 1991 le cinntiú go mbeadh ár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha nach féidir a athsholáthar cosanta chun tairbhe na glúine reatha agus na glúnta amach romhainn.
Is pointe fócasach í Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, nó pointe idirfhásála le hIonad Oidhreachta Domhanda de chuid EOECNA agus a príomhghníomhaíocht d’fheidhmiú Choinbhinsiúin Oidhreachta an Domhain in Éirinn. Tá freagracht ag An Roinn mar ionadaí do Pháirtí Stáit an Choinbhinsiúin leis an Liosta Sealadach a fhorbairt agus láithreáin nua a mholadh i gcomhair ainmniúcháin do Liosta Oidhreachta an Domhain.
Oibríonn an Roinn go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí (freagrach as bainistíocht agus caomhnú réadmhaoine Oidhreachta Domhanda atá faoi úinéireacht an stáit), agus gníomhaíochtaí eile nuair is gá, lenár nOidhreacht Dhomhanda a chosaint agus a bhainistiú.
Caithfidh go mbeadh ‘Sár-Luach Uilíoch’ ag láithreán chun a bheith inscríofa ar Liosta Oidhreachta Domhanda. Ciallaíonn sé seo breithiúnas a bheith déanta ag EOECNA go bhfuil “luach cultúrtha agus/nó nádúrtha ag an suíomh ainmnithe atá chomh heisceachtúil le teorannacha náisiúnta a tharchéimniú agus tábhacht ar leith leis do ghlúnta ár linne agus glúnta an chine dhaonna amach romhainn agus buanchaomhnú a oidhreachta ina thosaíocht don phobal idirnáisiúnta ina iomláine.”
Is é an próiseas ainmniúcháin an modh a úsáidtear ag EOECNA le láithreán a inscríobhadh ar Liosta Oidhreachta Domhanda. Tá ionchur na bpáirtithe leasmhara riachtanach don phróiseas ainmniúcháin. Bíonn baint ag réimse leathan de pháirtithe leasmhara ina measc, úinéirí láithreán, pobail áitiúla, ENR, agus páirtithe leasmhara eile chomh maith le saineolaithe in earnáil na hoidhreachta domhanda. Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as bainistíocht ainmniúchán na láithreán do Liosta Oidhreachta Domhanda EOECNA, ar son na hÉireann mar Pháirtí Stáit. Tógann Údaráis Áitiúla, i gcomhair leis an Roinn, ceannasaíocht ar an bpróiseas ainmniúcháin.
Liosta Sealadach Fógraíocht
Is é an chéad chéim sa phróiseas ainmniúchán le láithreán a bheith cuimsithe ar an Liosta Sealadach ná inscríbhínn ar Liosta Oidhreachta Domhanda. Caithfidh go mbeadh an suíomh san áireamh ar an Liosta Sealadach ar feadh bliana ar a laghad roimh ainmniúchán.
Próiseas Rannpháirtíochta agus Taighde
– Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ar fad
– Aithin agus comhlíon bearnaí taighde in easnamh
– Staidéar Comparáideach Iomlán ar láithreáin chomhionanna
– Córais bhainistíochta agus cosanta sásúil a chur i bhfeidhm don suíomh
Tréimhse Measúnaithe Leanúnach
Déanfaidh an Roinn, i gcomhair le Grúpa Comhairleach Teicniúil d’Oidhreacht Dhomhanda measúnú ar dhul chun cinn gach iarratas ainmniúcháin ar bhonn rialta.
Sainchomhad Ainmniúcháin
Cuirtear gnáthfhormáid de shainchomhad ainmniúcháin isteach chuig Coiste Oidhreachta Domhanda EOECNA. Meastar go dtógann ullmhúchán sainchomhaid ainmniúcháin idir 4 go 6 bliana.
1. Doiciméad ainmniúcháin Bhrú Na Bóinne
2. Doiciméad ainmniúcháin Sceilg Mhichíl
Tréimhse Measúnaithe EOECNA
Déanann Comhlachtaí Comhairleach le haghaidh EOECNA (CISS, IISBAMC, & AICD) measúnú chun cinntiú go bhfuil Sár-Luach Uilíoch (SLU) ag ainmniúcháin trí mheastóireacht ríomhaireachta deisce agus meastóireacht ar an suíomh féin. Meastar é a bheith ina suíomh SLU má thagann sé le ceann amháin de chritéir Oidhreachta Domhanda ar a laghad, na coinníollacha a bhaineann le sláine agus/nó barántúlacht, agus cosaint shásúil agus córais bhainistíochta.
Cinneadh an Choiste Oidhreachta Domhanda
Caitheann an Coiste Oidhreachta Domhanda vótaí ar cheart ainmniúchán a thabhairt do shuíomh le bheith inscríofa ar Liosta Oidhreachta Domhanda, ag cur comhairle na gcomhlachtaí comhairliúcháin san áireamh.
Cliceáil anseo i gcomhair Treoirlínte Oibriúcháin EOECNA.
Níl tionchar ag stádas Oidhreachta Domhanda ar chearta úinéireachta agus ní aistrítear réadmhaoine Oidhreacht Dhomhanda go réadmhaoin phoiblí dá bharr, agus ní thugtar iad ar aghaidh chuig foras idirnáisiúnta. Fanann an stádas úinéireachta mar a bhí roimh an liostáil, agus cuirtear dlíthe na hÉireann i bhfeidhm.
Ardóidh ainmniú Oidhreachta Domhanda feasacht agus spéis an phobail chun réadmhaoine an tsuímh a chosaint. Beidh Éire faoi oibleagáid le bainistíocht shásúil an tsuímh a chomhlíonadh, agus chun tuairisciú tréimhsiúil a thabhairt ar bhail an tsuímh do Choiste Oidhreachta Domhanda. Ba chóir go mbeadh córais bhainistíochta na láithreán leagtha amach i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta le beartas caomhnaithe leordhóthanach agus córais mhonatóireachta a leagadh amach, agus turasóireacht inbhunaithe agus comhpháirteachas poiblí a chothú leis. Ba chóir go mbeadh cosaint fadtéarma reachtaíochta, rialála, institiúideach, agus/nó cosaint tradisiúnta ag maoine ar Liosta Oidhreachta Domhanda agus bainistíocht lena gcosaint leanúnach a chinntiú.
Clár UNESCO an Duine agus an Bithsféir (DAB)
Cruthaíodh an Clár DAB in 1971 chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an cine daonna agus an nádúr. Is ‘saotharlanna beo’ iad tearmainn bithsféir a chothromaíonn forbairt inbhuanaithe agus caomhnú na bithéagsúlachta. Tá dhá thearmann bithsféir aimnithe in Éirinn: Cuan Bhaile Átha Cliath (1981) agus Ciarraí (1982).
Clár UNESCO Cuimhne an Domhain (CaD)
Bunaíodh an Clár CaD in 1992 chun oidhreacht dhoiciméadach an chine daonna a chosaint agus a chaomhnú. Tá dhá ghné d’oidhreacht dhoiciméadach inscríofa ar Chlár DaB ag Éirinn: An Leabhar Cheanannais (2011) agus Cnuasach Choimisiún Bhéaloideas Éireann 1935-1970 (2017).
Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO (LCCU)
Bunaíodh an LCCU in 2004 chun comhoibriú a chur chun cinn idir agus i measc cathracha a d’aithin an chruthaitheacht mar ghné straitéiseach d’fhorbairt inbhuanaithe uirbeach. Tá seacht réimse cruthaitheacha – Ceardaíocht agus Ealaín na nDaoine, Ealaín na Meán, an Scannánaíocht, an Dearadh, an Gastranamaíocht, an Litríocht, agus an Ceol. Tá trí Chathair Chruthaitheacha ar Oileán na hÉireann: Baile Átha Cliath Cathair Litríochta UNESCO (2010), Gaillimh Cathair Scannánaíochta UNESCO (2014), agus Béal Feirste Cathair Ceoil UNESCO (2021).
Geopháirc Domhanda UNESCO (GpDU)
Bunaíodh Líonra na Geopháirc Domhanda in 2004 agus rinneadh athbhrandú air in 2015 mar ‘limistéir tíreolaíoch aonair, aontaithe, ina ndéantar láithreáin agus tírdhreacha a bhfuil tábhacht geolaíochta idirnáisiúnta leo a bhainistiú le coincheap iomlánaíoch cosanta, oideachais agus forbairt inbhuanaithe’. Tá trí GpDU ag Éirinn a ainmníodh in 2015 ar fad iad: Geopháirc Domhanda Uaimheanna na hÁirse Marmair (Fearann an Locha Binn Chuilceach) (an chéad geopháirc trasnáisiúnta ar domhan), Geopháirc Domhanda Chósta an Chopair, agus Geopháirc Domhanda Boirinn agus Aillte an Mhothair..
Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna
Tá an Liosta Ionadaíoch, a seoladh in 2008, déanta d’eilimintí oidhreachta cultúrtha doláimhsithe a chabhríonn le héagsúlacht oidhreachta an chine daonna a léiriú agus aird a tharraingt ar a tábhacht. Tá ceithre ghné inscríofa ag Éirinn ar an Liosta Ionadaíoch: Píobáil Uilleann (2017), Iománaíocht (2018), Cruit Ghaelach (2019), agus inscríbhinn Seabhcóireacht ilnáisiúnta, oidhreacht dhaonna beo (2021).