Grianstad an Gheimhridh

ag Sí an Bhrú

Is í an oscailt bheag nó ‘bosca dín’ suite os cionn bealach isteach an phasáiste ar cheann de na gnéithe is suntasaí ag an nGráinseach Nua. Ag breacadh an lae ar Ghrianstad an Gheimhridh, an lá is giorra den bhliain (21 Nollaig) agus ar feadh roinnt laethanta roimhe agus ina dhiaidh, tagann ga gréine isteach sa seomra tríd oscailt sa mbosca dín.

Ba é Grianstad an Gheimhridh tús na Bliana Úire i gcultúr Neoiliteach Ghleann na Bóinne, – comhartha d’athbhreith sa dúlra agus athnuachan do bharra páirce, d’ainmhithe agus don chine daonna. Is féidir gur siombail chumhachtach den bhua dosheachanta idir bás thar beatha a bhí ann, b’fhéidir ag gealladh beatha úr do spioraid na marbh.