An Liosta Sealadach

An Liosta Sealadach

Fardal is ea an liosta sealadach de láithreáin oidhreachta chultúrtha agus/nó nádúrtha a mheasann Páirtí Stáit gurbh fhiú stádas Sár-Luach Uilíoch iad don chine daonna agus atá oiriúnach le bheith ainmnithe ar Liosta Oidhreachta Domhanda mar sin.

Is gá go mbeadh láithreán curtha san áireamh ar Liosta Sealadach Stát Pháirtí ar feadh bliana ar a laghad ionas gur féidir leis a bheith ainmnithe don Liosta Oidhreachta Domhanda. Ní hionann ionchuimsitheacht ar an Liosta Sealadach agus go mbronnfaí stádas oifigiúil Oidhreachta Domhanda ar an láithreán. Ní sholáthraíonn an Liosta Sealadach ach uirlis shimplí le haghaidh phleanála agus abhcóideachta don oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha iontach atá ag an tír, agus cabhraíonn sé leis an gCoiste Oidhreachta Domhanda measúnú a dhéanamh ar liosta ainmniúcháin na tíre agus as an gcomhthéacs as a ainmníodh é.

Is féidir le láithreáin atá liostáilte ar an Liosta Sealadach a bheith curtha, bainte nó uasdátaithe ar an liosta aon uair. Molann Coiste Oidhreachta Domhanda go ndéanann Páirtithe Stáit athbhreithniú ar a Liosta Sealadach ar bhonn rialta. Is féidir athbhreithniú iomlán a bheith déanta ar Liosta Sealadach sa próiséas athbhreithnithe, nó láithreáin a chur nó a bhaint den liosta. Chruthaigh tuairim 95% de Pháirtithe Stáit an Choinbhinsiún Páirtithe Sealadach. Tá na Liostaí Sealadacha ar fad atá curtha ar aghaidh chuig Coiste Oidhreachta Domhanda ar fáil ag http://whc.unesco.org/en/tentativelists.

Bíonn Liosta Sealadach na hÉireann de shíor ag athrú agus athbhreithnithe ag idirchéimeanna rialta, a chabhraíonn le láithreáin nua a bheith aitheanta. D’fhonn go mbeadh láithreáin curtha ar Liosta Sealadach caithfidh siad cloí le sainchoinníollacha Oidhreachta Domhanda caithfear:

  • Bonn cirt a léiriú do thábhacht dhomhanda an tsuímh (Sár-Luach Uilíoch)
  • Fianaise a léiriú go bhfuil tacaíocht ann ó rannpháirteachas páirtithe leasmhara
  • Cur síos soiléir ar theorannacha an tsuímh a léiriú
  • Anailís Chomparáideach le láithreáin atá cosúil leo a chur ar fáil
  • Léiriú go bhfuil dóthain bainistíochta agus córais cosanta i bhfeidhm

Ní dhéanann eisiamh den Liosta Sealadach díspeagadh ar bith ar thábhacht oidhreachta an tsuímh ach ciallaíonn sé nach gcloíonn sé le caighdeáin Oidhreachta Domhanda.