Páirc Náisiúnta Bhrú na Bóinne

Páirc Náisiúnta Bhrú na Bóinne

In 2023, d’éirigh leis an Stát eastát Dhubhadh de thart ar 223 heicteár (552 acra) a fháil chun Páirc Náisiúnta nua a chruthú – Páirc Náisiúnta Bhrú na Bóinne. Cuimsíonn sé sin thart ar aon trian de Mhaoin Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne agus tá dhá theach mhóra tuaithe ann (Halla Dhubhadh agus Mainéar an Neadraibhíolaigh) suite laistigh de dhiméin fhairsing atá leagtha amach feadh abhainn agus ghleann na Bóinne i gContae na Mí.

Tá tábhacht eisceachtúil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ag baint leis an tírdhreach deasghnátha réamhstairiúil dea-chaomhnaithe i nDubhadh, agus tharraing sé aird phoiblí agus acadúil le déanaí mar gheall gur aimsíodh tuama pasáiste ann.

Is é an toradh iomlán ar fhorbairt stairiúil uathúil Dhubhadh, mar a achoimrítear thíos, ná cnuasach ailtireachta, seandálaíochta, staire, cultúrtha agus nádúrtha atá thar a bheith sainiúil agus atá comhtháite go cúramach agus atá fíorannamh, a bhfuil braistint eisceachtúil barántúlachta atá fós i réim mar bhonn agus mar thaca aige.

Oidhreacht Chultúrtha

Cuimsíonn oidhreacht chultúrtha Dhubhadh fráma ama fada, ón réamhstair luath, trí ré na meánaoise, go dtí an 18ú agus 19ú haois agus suas go dtí an lá inniu. Is é iomláine an chnuasaigh agus raon na dtréimhsí a léirítear ina oidhreacht seandálaíochta agus thógtha a chinntíonn gur tírdhreach eisceachtúil laistigh den Mhaoin Oidhreachta Domhanda é Dubhadh. Mar sin féin, ba cheart Eastát Dhubhadh a mheas mar shraith de thírdhreacha cultúrtha ilsrathacha, ó thréimhsí éagsúla, a idirghníomhaíonn lena chéile agus a fhreagraíonn dá chéile.1

1Is í an phríomhfhoinse don chuid seo ná an Plean Caomhantais d’Oidhreacht Chultúrtha Thailte Dhaimhinse i nDubhadh (2016).

Réamhstair

Is í an tréimhse Neoiliteach an tréimhse réamhstairiúil is suntasaí i nDubhadh. Tá imfhálú ón tréimhse Luath-Neoiliteach, ina bhfuil potaireacht Babhla Chílígh agus atá suite i ‘bPáirc an Ráschúrsa’, ar an séadchomhartha is luaithe a aithníodh go dtí seo ar an eastát. Ina theannta sin, aimsíodh dhá thuama pasáiste ó lár na tréimhse Neoilití siar ó Halla Dhubhadh.

Nuair a aimsíodh leac mheigiliteach mhaisithe ar an taobh thoir thuaidh den Halla sa há-há, tugadh le fios go raibh tuama pasáiste suaite/scriosta, b’fhéidir gur cuid de chnuasach beag nó reilig í.

Deimhníodh é seo in 2017, nuair a léirigh clár monatóireachta go raibh tuama pasáiste mór ann nár taifeadadh roimhe seo suite faoin ardán faiche a thimpeallaíonn Halla Dhubhadh. I measc na n-iarsmaí atá ar marthain den séadchomhartha eisceachtúil seo, tá dhá sheomra mheigiliteacha shuaite. Tar éis iad a aimsiú, rinneadh tochailt chuimsitheach ar na séadchomharthaí seo. Táthar ag leanúint le hoibreacha iarthochailte agus é faoi úinéireacht an Stáit.

Tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis na tuamaí pasáiste agus an ealaín mheigiliteach i nDubhadh ag Brú na Bóinne mar shamplaí ionadaíocha den scoth den traidisiún meigiliteach. Tá teacht orthu go héasca agus is tréithe suntasacha iad a chuireann Sár-Luach Uilíoch na Maoine Oidhreachta Domhanda seo in iúl.

Le linn dheireadh na tréimhse Neoilití, bhí an t-iomaire inar tógadh na tuamaí pasáiste ag Dubhadh mar chroílár do ghníomhaíocht deasghnátha, mar atá léirithe leis an gcréfort iontach, Heinse Dhubhadh. Tá an-tábhacht ag baint leis an Heinse seo mar gheall ar a mhéid, a riocht, a bhruacha atá fós ar marthain, agus na gnéithe a dhéanann é a idirdhealú ó fhormhór na samplaí Éireannacha eile. D’aithin suirbhé geoifisiceach an dara heinse féideartha agus grúpáil chasta imfháluithe idir Halla Dhubhadh agus Heinse Dhubhadh. Cé nach fios dáta na ngnéithe seo, d’fhéadfadh go raibh Heinse Dhubhadh mar chroílár do ghníomhaíochtaí deasghnátha le linn dheireadh na tréimhse Neoilití. Tá sé níos deacra faoi láthair fianaise an phobail feirmeoireachta a thóg na séadchomharthaí seo a aimsiú. Rinneadh páirt-tochailt ar an gcóras páirceanna a aithníodh i ‘bPáirc an Ráschúrsa’ agus b’fhéidir go mbaineann sé le lár na Cré-umhaoise, ach tá gá le tuilleadh tochailte chun é seo a dhearbhú. Dá ndéanfaí amhlaidh, bheadh​ tábhacht shuntasach ag baint leis an gcóras páirceanna seo, toisc nach bhfuarthas aon láithreáin inchomparáide laistigh den Mhaoin Oidhreachta Domhanda seo.

Tréimhse na Luath-Mheánaoise

Mar is amhlaidh leis an Maoin Oidhreachta Domhanda trí chéile, tharla an dara borradh gníomhaíochta ag Dubhadh le linn thréimhse na Luath-Mheánaoise. Sainaithníodh trí imfhálú ilmhúracha, ó thréimhse na Luath-Mheánaoise is dócha, lena n-áirítear dhá shuíomh ardstádais a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá tábhacht shuntasach ag baint leis na himfháluithe seo mar gheall ar a ndlús, a suíomh ag breathnú amach ar an mBóinn/ag rialú na Bóinne, agus an stádas ard a d’fhéadfadh a bheith acu. Aithníodh uaimh thalún dhóchúil ó thréimhse na Luath-Mheánaoise a tochlaíodh i gcarn thuama pasáiste Halla Dhubhadh, a théann isteach i seomra an tuama theas.

Deireadh na Meánaoise

B’fhéidir go bhfuil sampla uathúil de shráidbhaile mainéarach ag Dubhadh a raibh séipéal Naomh Dáithí, a thóg na hAngla-Normannaigh, mar chroílár aige, b’fhéidir a tógadh ar láithreán eaglasta níos luaithe ag deireadh an 13ú haois. Dealraíonn sé gur dheimhnigh suirbhéanna geoifisiceacha gurbh ann dóibh, mar léirigh na suirbhéanna sin sraith de cheapacha burgáiste, bóthar lárnach, agus roinnt ardáin tí ar aon líne le chéile feadh briseadh nádúrtha i bhfána. Laistigh den diméin stairiúil seo, is gnéithe iad uile an túrtheach, na linnte éisc, na coraí éisc agus an tsean-fhialann a bhaineann le diméinte mainéaracha, le linn dheireadh na Meánaoise.

An Iar-Mheánaois

De réir mar a d’athraigh an diméin mhainéarach ina diméin tí tuaithe le linn an 18ú agus an 19ú haois, rinneadh go leor gnéithe nádúrtha agus cultúrtha a bhí ann cheana a chomhtháthú sa tírdhreach deartha, ar chúiseanna praiticiúla nó mar ornáideachas, nó ar bhealach a chabhraigh go sainiúil lena gcaomhnú. Mar chuid lárnach den diméin, is éard atá i Halla Dhubhadh ná teach mór tuaithe nuachlasaiceach atá comhdhlúite agus fíor-shofaisticiúil le hobair phlástair den chéad scoth ar an taobh istigh. Coinníonn an diméin an chuid is mó de na príomhthréithe tírdhreacha deartha shofaisticiúil ón ochtú haois déag, lena n-áirítear roinnt gnéithe neamhghnácha ar nós an ráschúrsa fhoirmiúil, chomh maith le nasc láidir amhairc leis an mBóinn. Tá Dubhadh mar chuid de shraith diméinte feadh na Bóinne lena n-áirítear an Seandroichead (faoi úinéireacht an Stáit), Halla an Toinlígh, An Gleann Mór, Baile Shláine agus Baile Phaghain. Toisc nár briseadh an diméin riamh, mar gheall ar a hiomláine, tá sí ar cheann den bheagán diméinte in Éirinn atá fós ar marthain agus slán.

Is é an struchtúr iar-mheánaoiseach feiceálach eile sa tírdhreach ná Mainéar an Neadraibhíolaigh. Tá stíl shainiúil Ghotach Victeoiriach de bhallaí brící dearga ag an struchtúr seo agus tógadh é thart ar an mbliain 1877, cóngarach don túrtheach meánaoiseach. Tógadh chun críocha carthanúla agus coinníodh leanúnachas láidir gaolmhar le Halla Dhubhadh, ionas nach ndéanfaí dochar nó nach mbainfí an bonn d’iomláine fhisiciúil agus stairiúil agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na diméine le himeacht ama. Bhain foireann O’Kelly úsáid as Mainéar an Neadraibhíolaigh mar bhunáit agus iad ag tochailt Shí an Bhrú sna 1960idí.

Oidhreacht Nádúrtha

Tá oidhreacht nádúrtha spéisiúil ag Dubhadh agus tá bithéagsúlacht na maoine coinnithe go príomha trí bhainistíocht talmhaíochta. Tá go leor speiceas dúchasach ann chomh maith le tailte ainmnithe i bhfoirm LCS agus LCaS.

Le ceannach Dhubhadh, is féidir leis stát an limistéar seo de Ghleann na Bóinne a bhainistiú, mar aon le timpeall 3.34km d’abhainn na Bóinne, láithreán ainmnithe Natura 2000 atá suntasach ar leibhéal na hEorpa mar gheall ar an oiread speiceas agus a ngnáthóga, atá faoi bhagairt agus atá i mbaol, atá le feiceáil ann.

Luach bithéagsúlachta

Tá raon leathan gnáthóg ar na tailte i nDubhadh, (lena n-áirítear féarthailte feabhsaithe chun críocha talmhaíochta agus taitneamhachta, féarthailte tirime agus fliucha atá lán le speicis), coillearnacha measctha, scrobarnach agus fálta sceach lánfhásta. Cuimsíonn tuilemhá na Bóinne seascainn fionnuisce, giolcarnach agus paistí beaga de choillearnach chairr. Tá cuid de na tailte ainmnithe mar láithreáin Natura 2000: Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCaS) na Bóinne agus na hAbhann Duibhe (a roghnaíodh le haghaidh eanaigh alcaileacha, foraoisí gláracha, loimprí abhann, bradán agus dobharchúnna) agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS) na Bóinne agus na hAbhann Duibhe (roghnaithe le haghaidh cruidíní). Tá bainistíocht na talún feirme roimhe seo soiléir sna gnáthóga agus speiceas iomadúla a chothaíonn sé, rud a chuirfidh go mór le bainistiú caomhnaithe an dúlra amach anseo.

Thuairiscigh suirbhé bithéagsúlachta ar na tailte le déanaí 54 speiceas éan, cúig cinn acu sin ar ábhar mór imní caomhantais iad. Taifeadadh aon speiceas déag d’fhéileacán, ocht speiceas d’ialtóg agus seacht speiceas de bheach anseo. Tá sionnaigh, broic, coiníní, giorriacha, dallóga fraoigh agus fianna rua ann freisin.

Luachanna ithreach agus carbóin don dúlra agus don aeráid

Tá pH neamhurchóideach ag na hithreacha i nDubhadh mar gheall ar a nádúr cailcreach agus díorthaítear iad ó thill oighreach thorthúil atá oiriúnach le haghaidh táirgeadh talmhaíochta. Tá struchtúr na hithreach agus sláinte na hithreach iontach mar gheall ar bhainistíocht feirmeoireachta iomchuí le déanaí, ag eascairt as bearta ar nós ionchuir ísle leasacháin agus mar thoradh air sin tá báinseach ann atá lán le speicis plandaí. Cuireann sé seo tairbhí iomadúla ar fáil don phobal ar nós bithéagsúlacht ithreach fheabhsaithe agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe. Tugann torthaí taighde roimhe seo ón bhfeirm le fios go gcruthaíonn an cur chuige inbhuanaithe seo caighdeán feabhsaithe maidir le táirgeadh beostoic ach le hastaíochtaí carbóin níos ísle. Tá buntáistí iarmhartacha ag sláinte fhabhrach na hithreach don bhithéagsúlacht os cionn na talún freisin, ó phlandaí agus pailneoirí go héin agus mamaigh; agus tá sé sin soiléir sna speicis a taifeadadh ar an láithreán.

Fís do Pháirc Náisiúnta Bhrú na Bóinne (Eastát Dhubhadh)

Leis an tírdhreach ilsrathach uathúil atá caomhnaithe go sainiúil a fháil, cuirtear ar chumas an Stáit dul i mbun tionscadal uaillmhianach chun Maoin Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne i gcoitinne a chaomhnú, a chur i láthair arís agus a bhainistiú, agus a Sár-Luach Uilíoch a fheabhsú, agus eolas nua a scaipeadh a fuarthas trí thochailt a rinneadh le déanaí ar an tuama pasáiste a thángthas air faoi Halla Dhubhadh, chomh maith le béim a chur ar shaintréithe tábhachtacha éiceolaíochta agus nádúrtha na Maoine. Cabhróidh sé linn comhthéacs agus láithreán an tírdhreacha diméine seo atá caomhnaithe go sainiúil a chaomhnú, ina bhfuil gnéithe de thírdhreach deasghnátha réamhstairiúil caomhnaithe a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta eisceachtúil ag baint leis.

Ó thaobh na hoidhreachta nádúrtha de, is í an fhís atá don pháirc ná an luach bithéagsúlachta a fheabhsú go suntasach thar na gnáthóga go léir atá ann cheana féin chun an flóra agus an fána a ghabhann leis a mhéadú go suntasach ar fud gach tacsóin.

Ós rud é gurb é féarthalamh an cineál gnáthóige is mó atá ann, díreofar ar dtús ar bhearta bainistíochta caomhantais a bheidh sé mar aidhm acu stádas cothaitheach ithreach iomlán a ísliú, a spreagfaidh raon níos leithne de phlandaí bláthanna, ó thaobh líon iomlán agus éagsúlacht speiceas de araon. Ceann de na príomhbhagairtí ar phailneoirí in Éirinn is ea an easpa bia, agus mar sin soláthróidh éagsúlacht mhéadaithe bláthanna i dtírdhreach féarthalún na páirce neart plandaí neachtair agus pailine do bheacha, d’fhéileacáin, do leamhain agus go leor feithidí eile chun cabhrú leo maireachtáil agus a saolré a chomhlánú. Méadóidh bainistiú féarthalún iomchuí go mór éagsúlacht na n-éan freisin (cosúil leis an bhFuiseog agus an Riabhóg Mhóna).

Is iad coillearnacha (na diméine) an dara gnáthóg is suntasaí sa pháirc. Beidh sé mar aidhm againn anseo bearta íogaire bainistíochta coillearnaí a chur i bhfeidhm (leagan roghnach, plandú agus rialú fianna) a fheabhsóidh go mall a luach caomhantais le fócas san fhadtéarma ar choillearnach dhúchasach a fhorbairt. Toisc go bhfuil an choillearnach tadhlach le gnáthóga bruachánacha na Bóinne tá sé i gceist teacht ar réiteach nádúrtha a nascfaidh an dá chineál gnáthóg le chéile. Spreagfar teorainneacha dinimiciúla nádúrtha idir coillearnach agus féarthalamh chun gnáthóga nádúrtha, ilghnéitheacha fiadhúlra a chur chun cinn a thuilleadh. Cabhróidh cothabháil agus bainistiú feabhsaithe ar fhálta sceach le feabhas a chur ar acmhainní beathaithe agus neadaithe le haghaidh go leor speicis éan Éireannacha. Feidhmíonn fálta sceach mar chonairí fiadhúlra tábhachtacha a shíneann le chéile agus a sholáthraíonn naisc leis na gnáthóga eile go léir.

Ar deireadh, maidir leis na páirceanna curaíochta, (laistigh de chrios maolánach na Maoine Oidhreachta Domhanda) is í an fhís atá againn leanúint den chuid is mó le hoibríochtaí curaíochta ach, arís, córas bainistíochta a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh torthaí bithéagsúlachta a bharrfheabhsú.